Ajarn Forum - Living and Teaching In Thailand - View Single Post - Snaithe as Gaeilge
View Single Post
Old 10th May 2008, 20:07   #39 (permalink)
Jon
Jon is.....
Senior Member
 
Jon's Avatar
 
Join Date: Nov 2004
Location: I wish I knew
Posts: 4,431
vCash: 400
Rep Power: 344
Jon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond reputeJon has a reputation beyond repute
Re: Snaithe as Gaeilge

Tá sé ulig le déanamh ag Manchester United agus ag Chelsea Dé Domhnaigh.
Beidh an dá fhoireann ag imirt ar 3.00in sna cluichí deireanacha den Phríomhroinn, agus tá na pointí céanna acu.
Mar sin de, má theipeann ar fhoireann ar bith acu níos lú ná trí phointe a ghnóthú as a gcluiche, beidh siad buartha nach mbainfidh siad an tSraith.
Ar ndóigh tá difríocht cúl i bhfad níos fearr ag United agus, má bhaineann an dá fhoireann, nó má imríonn siad cluichí cothroma, beidh an bua ag United.
Tá Chelsea ag imirt sa bhaile in éadan Bolton Wanderers agus tá United ar shiúl as baile in éadan Wigan.
Níl rud ar bith le cailleadh nó le gnóthú ag ceachtar den dá fhoireann sin, mar tá siad sábháilte sa Phríomhroinn.
Tá sé teann ag bun na Page Rankingíomhroinne fosta.
Tá Derby ag dul síos cheana féin, tá Birmingham ar 32 pointe agus tá Reading agus Fulham ar 33 pointe.
Mar sin de, má bhaineann Birmingham agus má chailleann Reading, fanfaidh Birmingham sa Phríomhroinn agus rachaidh Reading síos.
Ach tá Reading ar shiúl as baile in éadan Derby, atá thíos cheana féin agus nár bhain ach cluiche amháin i mbliana, agus tá Birmingham sa bhaile in éadan Blackburn atá sa seachtú áit sa roinn.
Tá Fulham ar shiúl as baile in éadan Portsmouth, atá san ochtú áit sa Phríomhroinn.
Ciallaíonn sé sin go dtiocfadh le dhá fhoireann ar bith as an trí fhoireann dul síos.
__________________
Sur votre bicyclette, mate.
Jon is offline   Reply With Quote
 
Page generated in 0.06988 seconds with 9 queries